7 Mura mbeirtear ar an ngadaí, caithfidh úinéir an tí mionn a thabhairt i láthair Dé nár leag sé lámh ar mhaoin a chomharsan.
8 I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ‘seo é’, tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.
9 Má chuireann duine asal nó damh nó caora nó aon ainmhí faoi chúram duine eile, agus go bhfaigheann sé bás nó go leontar é nó go bhfuadaítear, gan finné,
10 socróidh mionn dar an Tiarna eatarthu beirt, féachaint ar leag sé lámh ar chuid a chomharsan. Glacadh an t‑úinéir a mbíonn fágtha, agus ní dhéanfaidh an duine eile cúiteamh.
11 Má ghoidtear uaidh é, déanadh sé cúiteamh leis an úinéir.
12 Má stollann ainmhithe allta é, tugadh sé an fuíoll leis mar fhianaise agus ní dhéanfaidh sé cúiteamh ar son an stollta.
13 Má bhíonn ainmhí ar iasacht ag duine ó dhuine eile, agus go leontar é nó go bhfaigheann sé bás gan an t‑úinéir i láthair, caithfidh an duine eile cúiteamh iomlán a dhéanamh.