1 Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach.
2 Ná gabh ar thaobh an mhóráirimh i gcúis éagórach agus ná claon leis an slua agus fianaise a thabhairt in aghaidh na córa.
3 Ná claon an bhreith ar son an bhochtáin i gcúis dlí.
4 Má bhuaileann tú le damh nó le hasal do namhad ag dul amú, tabhair ar ais chuige é.
5 Má fheiceann tú asal fear d'fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil.