20 Féach, cuirim aingeal romhat do do choimhéad ar an tslí, agus do do thabhairt chun ha háite a d'ullmhaigh mé.
21 Tabhair aird air agus éist lena ndeir sé. Ná bí easumhal dó mar ní mhaithfeadh sé a leithéid de locht, óir tá m'ainm ann.
22 Má éisteann tú go cáiréiseach lena ghuth, agus gach a ndeirimse a dhéanamh, beidh mé i mo namhaid ag do naimhde, agus i mo eascara ag d'eascairde.
23 Nuair a rachaidh m'aingeal romhat agus tú a thabhairt isteach chun na nAmórach agus na Hiteach, na bPirizeach agus na gCanánach, na Hiveach agus na Iabúsach, scriosfaidh mé iad.
24 Ná sléacht dá ndéithe, ná fónamh dóibh, ná déanamh mar iad, ach scrios ar fad iad agus bris a ngalláin ina smidiríní.
25 Déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia agus cuirfidh mé beannacht ar d'arán agus ar d'uisce agus tógfaidh mé an easláinte chun siúil uait amach.
26 I do thír ní scarfaidh bean lena leanbh ná ní bheidh aon aimrid ann; comhlíonfaidh mé líon do laethanta.