26 I do thír ní scarfaidh bean lena leanbh ná ní bheidh aon aimrid ann; comhlíonfaidh mé líon do laethanta.
27 Seolfaidh mé m'uafás romhat, agus cuirfidh mé corrabhuais ar na daoine go léir a dtiocfaidh tú ina n‑aghaidh, agus cuirfidh mé do naimhde go léir ag casadh agus ag teitheadh romhat.
28 Seolfaidh mé cearnabháin romhat a thiomáinfidh an Hiveach agus an Canánach agus an Hiteach amach ó do láthair.
29 Ní thiomáinfidh mé amach ó do láthair iad in aon bhliain amháin d'fhonn nach ndéanfadh fásach den talamh agus go rachadh na hainmhithe allta i líonmhaire oraibh.
30 Beagán ar bheagán is ea a thiomáinfidh mé amach iad ó do láthair, go dté tú i líonmhaire agus i seilbh na talún.
31 Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.
32 Ná déan conradh ar bith leo, ná lena ndéithe.