4 Má bhuaileann tú le damh nó le hasal do namhad ag dul amú, tabhair ar ais chuige é.
5 Má fheiceann tú asal fear d'fhuatha ar lár faoina ualach, in áit é a sheachaint, téigh i gcabhair air á thógáil.
6 Ná déan éigean ar chearta aon bhochtáin libh ina chaingean.
7 I bhfad uait aon chúis bhréagach, agus ná cuir chun báis an fíréan ionraic óir ní scaoilfidh mise saor an ciontach.
8 Ná glac breab, óir dallann breab daoine géara, agus milleann sí cúis na n‑ionraic.
9 Ná déan leatrom ar an deoraí; is aithnid duit croí an deoraí, óir ba dheoraithe sibh i dtír na hÉigipte.
10 Cuir d'fhearann ar feadh sé bliana, agus cruinnigh a fhómhar,