3 Tháinig Maois agus d'aithris sé don phobal aitheanta uile an Tiarna agus a reachtanna uile. D'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh.”
4 Agus chuir Maois aitheanta uile an Tiarna i scríbhinn agus d'éirigh sé go moch lá arna mhárach agus thóg sé altóir faoi bhun an tsléibhe, le dhá ghallán déag do dhá threibh déag Iosrael.
5 Agus threoraigh sé ógánaigh de phobal Iosrael i mbun ofrálacha loiscthe agus síochána de dhaimh don Tiarna.
6 Agus thóg Maois leath na fola agus chuir i miasa í, agus dhoirt sé an leath eile ar an altóir.
7 Ansin thóg sé leabhar an chonartha, agus léigh é i gcomhchlos an phobail, agus dúirt siad: “Na haitheanta go léir a thug an Tiarna, déanfaimid iad a chomhlíonadh, agus beimid umhal.”
8 Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”
9 Ansin ghabh Maois suas, agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael,