13 Déanfaidh tú cuaillí de chrann sitím agus cumhdóidh tú iad d'ór.
14 Cuirfidh tú na cuaillí sna fáinní ar thaobhanna na háirce, chun an áirc a iompar leo.
15 Ní foláir na cuaillí a fhágáil i bhfáinní na háirce, agus gan iad a thógáil chun siúil.
16 Cuirfidh tú isteach san áirc an Fhianaise a thabharfaidh mé duit.
17 Déanfaidh tú cathaoir thrócaire d'ór fíre; beidh sí dhá bhanláimh go leith ar a fad, agus banlámh go leith ar leithead.
18 Do dhá cheann na cathaoireach déanfaidh tú dhá cheiribín óir; ór buailte a bheidh ina ndéantús.
19 Déanfaidh tú ceiribín do cheann agus an ceiribín eile don cheann eile, agus greamóidh tú iad de dhá cheann chathaoir na trócaire i dtreo gur aon phíosa léi iad.