2 “Abair le clann Iosrael ofráil a chur i leataobh dom; glacfaidh sibh síntiús dom ó gach duine a ndeir a chroí leis é a thabhairt.
3 Seo é an síntiús a thógfaidh sibh uathu: ór agus airgead agus cré-umha,
4 agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair,
5 agus craicne leasaithe reithe, agus craicne gabhair, agus adhmad sitím,
6 agus ola do na lampaí, spíosraí don chriosma agus don túis dhea-bholaidh,
7 agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach.
8 Agus déanaidís sanctóir dom go lonnaí mé ina measc.