24 Cumhdóidh tú é le hór fíre agus cuirfidh tú múnláil óir mórthimpeall air.
25 Cuirfidh tú teanntóga, lámh ar leithead, faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu.
26 Déanfaidh tú ceithre fáinní óir dó agus na fáinní a ghreamú de na ceithre cuinní mar a mbíonn na cosa.
27 Ní foláir na fáinní a bheith i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar.
28 D'adhmad sitím a dhéanfaidh tú na cuaillí agus cludóidh tú iad le hór, agus is leo a iomprófar an bord.
29 Na miasa agus na humair thúise, na cuacha agus na crúscaí d'íobairtí doirte, a dhéanfaidh tú dó, d'ór fíre a dhéanfaidh tú iad.
30 Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí.”