25 Cuirfidh tú teanntóga, lámh ar leithead, faoi mórthimpeall agus múnláil óir orthu.
26 Déanfaidh tú ceithre fáinní óir dó agus na fáinní a ghreamú de na ceithre cuinní mar a mbíonn na cosa.
27 Ní foláir na fáinní a bheith i gcóngar na dteanntóg d'fhonn na cuaillí a choimeád chun an bord a iompar.
28 D'adhmad sitím a dhéanfaidh tú na cuaillí agus cludóidh tú iad le hór, agus is leo a iomprófar an bord.
29 Na miasa agus na humair thúise, na cuacha agus na crúscaí d'íobairtí doirte, a dhéanfaidh tú dó, d'ór fíre a dhéanfaidh tú iad.
30 Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí.”
31 “Déanfaidh tú coinnleoir d'ór fíre, agus ní foláir an coinnleoir, idir bhonn agus chrann, a bheith d'obair bhuailte, agus a chupáin, idir chailís agus bheangáin, d'aon phíosa leis.