29 Na miasa agus na humair thúise, na cuacha agus na crúscaí d'íobairtí doirte, a dhéanfaidh tú dó, d'ór fíre a dhéanfaidh tú iad.
30 Agus ar an mbord os mo chomhair leagfaidh tú arán na láithreachta i gcónaí.”
31 “Déanfaidh tú coinnleoir d'ór fíre, agus ní foláir an coinnleoir, idir bhonn agus chrann, a bheith d'obair bhuailte, agus a chupáin, idir chailís agus bheangáin, d'aon phíosa leis.
32 Caithfidh sé ghéag a bheith amach as a chliatháin, trí ghéag den choinnleoir as taobh de agus trí ghéag as taobh eile.
33 Ní foláir trí cupáin a bheith ar an gcéad ghéag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; ní foláir trí cupáin chomh maith a bheith ar an dara géag ar dhéanamh dhuilliúr na halmóinne, gach ceann lena chailís agus lena bheangáin; mar an gcéanna leis na sé géaga amach as an gcoinnleoir.
34 Ní foláir ceithre cupáin ar dhéanamh duilliúr na halmóinne a bheith ar an gcoinnleoir féin, gach ceann lena chailís is a bheangáin:
35 mar seo - cailís faoin gcéad dá ghéag as an gcoinnleoir amach, ceann faoin gcéad chúpla eile, agus ceann faoin gcúpla deiridh, ag teacht leis na sé géaga as an gcoinnleoir amach.