1 “Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.
2 Beidh ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; beidh na brait uile den aon mhiosúr.
3 Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile.
4 Cuirfidh tú lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.
5 Cuirfidh tú leathchéad lúb ar an gcéad bhrat, agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.