12 An fuíoll de bhrait na botha, leath an bhrait bhreise a bheidh fágtha, crochfar os cionn cúil an taibearnacail é.
13 An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh.
14 Déanfaidh tú díon breise don bhoth as craicne coirtithe reithe agus leathar mín mar chlúdach air sin arís.”
15 “Déanfaidh tú frámaí d'adhmad sitím don taibearnacal, agus beidh siad ina seasamh díreach.
16 Beidh gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead.
17 Beidh dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; déanfaidh tú amhlaidh do gach fráma den taibearnacal.
18 Déanfaidh tú frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas agus a n‑aghaidh ar an deisceart;