17 Beidh dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; déanfaidh tú amhlaidh do gach fráma den taibearnacal.
18 Déanfaidh tú frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas agus a n‑aghaidh ar an deisceart;
19 déanfaidh tú daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí mar seo: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir, agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís ina dtillfeadh a dtionúir mar an gcéanna;
20 don taobh eile den taibearnacal, an taobh thuaidh, fiche frama
21 agus daichead moirtís airgid á gcothú, dhá mhoirtís faoi gach fráma;
22 agus do chúl an taibearnacail, ar an taobh thiar, déanfaidh tú sé fhráma.
23 Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar.