2 Beidh ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; beidh na brait uile den aon mhiosúr.
3 Ceanglófar cúig bhrat le chéile, agus mar an gcéanna leis an gcúig bhrat eile.
4 Cuirfidh tú lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.
5 Cuirfidh tú leathchéad lúb ar an gcéad bhrat, agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.
6 Déanfaidh tú leathchéad nasc óir chun na brait a cheangal le chéile chun go mba aonad dlúth é an taibearnacal.”
7 “Déanfaidh tú brait d'fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; aon bhrat déag a dhéanfaidh tú.
8 Beidh gach brat tríocha banlámh ar fhad agus ceithre bhanlámh ar leithead: bíodh an t‑aon bhrat déag den aon mhiosúr.