21 agus daichead moirtís airgid á gcothú, dhá mhoirtís faoi gach fráma;
22 agus do chúl an taibearnacail, ar an taobh thiar, déanfaidh tú sé fhráma.
23 Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar.
24 Déanfar na frámaí seo a cheangal le chéile ag a mbonn thíos agus mar sin suas go buaic, go dtí airde an chéad fháinne; mar sin a bheidh ag an dá fhráma a bheidh mar dhá chúinne.
25 Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid - dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.”
26 “Déanfaidh tú trasnáin d'adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal,
27 agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal.