23 Déanfaidh tú dhá fhráma do chúinní an taibearnacail laistiar.
24 Déanfar na frámaí seo a cheangal le chéile ag a mbonn thíos agus mar sin suas go buaic, go dtí airde an chéad fháinne; mar sin a bheidh ag an dá fhráma a bheidh mar dhá chúinne.
25 Beidh, dá réir sin, ocht bhfráma lena sé mhoirtís déag airgid - dhá mhoirtís faoin gcéad fhráma agus mar sin de.”
26 “Déanfaidh tú trasnáin d'adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal,
27 agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal.
28 An trasnán meánach leath slí suas ar na frámaí, rachaidh sé ó cheann ceann.
29 Cumhdaigh na frámaí d'ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d'ór.