26 “Déanfaidh tú trasnáin d'adhmad sitím; cúig trasnáin do na frámaí ar thaobh den taibearnacal,
27 agus cúig cinn do na frámaí ar an taobh eile, an taobh thiar den taibearnacal.
28 An trasnán meánach leath slí suas ar na frámaí, rachaidh sé ó cheann ceann.
29 Cumhdaigh na frámaí d'ór agus cuir fáinní óir orthu mar ghreim do na trasnáin; agus cumhdaigh na trasnáin d'ór.
30 Tógfaidh tú an taibearnacal de réir an phatrúin de a taispeánadh duit ar an sliabh.”
31 “Déanfaidh tú fial d'ábhar gorm, agus corcra agus craorag, agus de línéadach cas mín, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.
32 Crochfaidh tú é ar cheithre pollaí d'adhmad sitím arna gcumhdach d'ór, le naisc óir agus iad luite i gceithre mhoirtís airgid.