34 Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce istigh san áit shárnaofa.
35 Cuirfidh tú an bord taobh amuigh den fhial, agus an coinnleoir ar an taobh theas den taibearnacal, os comhair an bhoird sall. Cuirfidh tú an bord ar an taobh thuaidh.
36 Déanfaidh tú scáthlán do dhoras an taibearnacail, d'ábhar gorm, corcra, agus craorag, agus de linéadach cas mín, agus gréasadh snáthaide mar mhaise air.
37 Agus déanfaidh tú cúig pollaí sitím don scáthlán, agus cumhdóidh tú iad le hór, agus beidh naisc óir orthu; déanfaidh tú cúig ceapa cré-umha a theilgean dóibh.”