9 Ceanglóidh tú cúig bhrat le chéile leo féin agus na sé cinn eile leo féin; an séú ceann déanfaidh tú é a fhilleadh faoi dhó ag béal na botha.
10 Cuirfidh tú leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an gcéad sraith díobh agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait is sia amach ar an tsraith eile.
11 Agus déanfaidh tú leathchéad nasc cré-umha agus na naisc a chur sna lúba agus an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.
12 An fuíoll de bhrait na botha, leath an bhrait bhreise a bheidh fágtha, crochfar os cionn cúil an taibearnacail é.
13 An bhanlámh bhreise ar gach taobh ar feadh brait na botha, crochfaidh sí thar chliatháin an taibearnacail, á chlúdach ón dá thaobh.
14 Déanfaidh tú díon breise don bhoth as craicne coirtithe reithe agus leathar mín mar chlúdach air sin arís.”
15 “Déanfaidh tú frámaí d'adhmad sitím don taibearnacal, agus beidh siad ina seasamh díreach.