10 Beidh a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach beidh a naisc agus a mbataí d'airgead.
11 Mar an gcéanna ar feadh a fhaid ar an taobh thuaidh, beidh brait céad banlámh ar fad, a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach a naisc agus a mbataí d'airgead.
12 Ar feadh leithe na faiche ar an taobh thiar beidh brait leathchéad banlamh le deich bpolla agus deich gceap.
13 Beidh an fhaiche leathchéad banlámh ar leithead chun tosaigh ar an taobh thoir.
14 Ar thaobh den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa.
15 Ar an taobh eile den gheata beidh cúig bhanlámh déag de bhrait ar crochadh le trí pollaí i dtrí ceapa.
16 Do gheata na faiche beidh cliath fiche banlámh ar fad, í déanta d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas agus gréasadh d'obair shnáthaide ann; beidh ceithre pholla lena gceithre ceapa aici.