5 Cuirfidh tú í faoi fhargán na haltóra i dtreo go sínfidh an chliath leath slí suas ar an altóir.
6 Agus déanfaidh tú cuaillí don altóir, cuaillí d'adhmad sitím agus cumhdóidh tú iad le cré-umha;
7 cuirfear na cuaillí trí na fáinní i dtreo go mbeidh na cuaillí ar dhá thaobh na haltóra agus í á hiompar.
8 Déanfaidh tú an altóir de chláir, agus í folamh laistigh. Dé réir mar a taispeánadh duit ar an sliabh is ea a dhéanfaidh tú í.”
9 “Déanfaidh tú faiche an taibearnacail. Ar an taobh theas den fhaiche beidh brait céad banlámh ar fad ar chliathán de, iad déanta de línéadach mín cas.
10 Beidh a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach beidh a naisc agus a mbataí d'airgead.
11 Mar an gcéanna ar feadh a fhaid ar an taobh thuaidh, beidh brait céad banlámh ar fad, a bhfiche polla agus a bhfiche ceap de chré-umha, ach a naisc agus a mbataí d'airgead.