16 Beidh sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead.
17 Leagfaidh tú ceithre shraith cloch inti: sard, tópas agus carmhogal sa chéad sraith;
18 smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;
19 iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith,
20 beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba d'fhiolagrán óir.
21 Beidh ainmneacha chlann mhac Iosrael orthu agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha orthu; beidh siad greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.
22 Déanfaidh tú slabhraí d'ór fíre, fite mar chorda, don lúireach.