22 Déanfaidh tú slabhraí d'ór fíre, fite mar chorda, don lúireach.
23 Déanfaidh tú dhá fháinne óir don lúireach agus iad a ghreamú dá dhá chúinne uachtaracha.
24 Cuirfidh tú an dá shlabhra d'ór fite sa dá fháinne atá ar chúinní na lúirí.
25 Ceanglóidh tú dhá cheann eile na slabhraí den dá chumhdach fiolagráin i slí is go ngreamóidh tú iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.
26 Déanfaidh tú dhá fháinne óir agus iad a ghreamú do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.
27 Déanfaidh tú dhá fháinne óir eile agus iad a ghreamú d'íochtar dhá ghuailleán an éafód chun tosaigh in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.
28 Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód.