24 Cuirfidh tú an dá shlabhra d'ór fite sa dá fháinne atá ar chúinní na lúirí.
25 Ceanglóidh tú dhá cheann eile na slabhraí den dá chumhdach fiolagráin i slí is go ngreamóidh tú iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.
26 Déanfaidh tú dhá fháinne óir agus iad a ghreamú do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.
27 Déanfaidh tú dhá fháinne óir eile agus iad a ghreamú d'íochtar dhá ghuailleán an éafód chun tosaigh in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.
28 Caithfear an lúireach a cheangal don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo go luífidh sí ar chrios fite an éafód agus nach scarfadh an lúireach ón éafód.
29 Ar an gcuma sin iompróidh Árón ainmneacha chlann mhac Iosrael i lúireach an bhreithiúnais ar a chroí nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa, d'fhonn iad a thabhairt chun cuimhne de shíor i láthair an Tiarna.
30 Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor.”