3 Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht.
4 Seo iad na héidí atá le déanamh acu: lúireach agus éafód agus fallaing agus ionar bróidnithe agus ceannbheart agus crios. Déanfaidh siad éidí naofa do do dheartháir Árón agus dá mhaca le fónamh dom mar shagairt.
5 Bíodh acu don ghnó ór, ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas.”
6 “Déanfaidh siad an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta.
7 Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.
8 Agus an crios fite air a bheidh á choimeád, beidh sé den déantus céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín.
9 Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;