30 Cuirfidh tú an tÚirím agus an Tuimím sa lúireach chun go mbeidís ar chroí Árón nuair a rachaidh sé isteach i láthair an Tiarna; ar an gcuma sin iompróidh Árón breithiúnas chlann Iosrael ar a chroí i láthair an Tiarna de shíor.”
31 “Déanfaidh tú fallaing an éafód go léir d'ábhar gorm.
32 Beidh oscailt intí don cheann agus fáithim fite timpeall na hoscailte, dála na hoscailte i gcathéide, d'fhonn nach sracfaí í.
33 Ar a fáithim íochtair cuirfidh tú maisiú de phomagránaití, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag ar fháithim na fallainge timpeall, agus cloigíní óir eatarthu.
34 Beidh siad gach re ceann, cloigín óir agus pomagránait, cloigín óir agus pomagránait, timpeall ar fháithimí na fallainge.
35 Caithfidh Árón í nuair a dhéanfaidh sé seirbhís agus cloisfear a glór nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa i láthair an Tiarna, agus nuair a thiocfaidh sé amach, á chosaint ón mbás.”
36 “Déanfaidh tú lann d'ór fíre agus ‘Naofa don Tiarna’ a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala.