40 “Agus do mhaca Árón déanfaidh tú ionair agus criosanna agus boinéid, déanfaidh tú iad mar ghlóir agus mar scéimh.
41 Cuirfidh tú iad seo ar do dheartháir Árón agus ar a mhic chomh maith leis, agus déanfaidh tú iad a ungadh agus a oirniú agus a choisreacan d'fhonn go ndéanfaidís seirbhís dom mar shagairt.
42 Déanfaidh tú brístí línéadaigh chun a nochtacht a chlúdach ó áranna go sliasta síos.
43 Beidh siad ar Árón agus ar a mhaca nuair a rachaidh siad isteach i mBoth na Teagmhála, nó nuair a thiocfaidh siad i gcóngar na haltóra chun seirbhís a dhéanamh sa sanctóir, le heagla go dtabharfaidís ciontacht éigin anuas orthu féin agus iad a fháil bháis. Beidh sé sin ina reacht go brách dó féin agus dá shliocht ina dhiaidh.”