9 Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;
10 sé ainmneacha acu ar chloch díobh agus na sé ainmneacha eile ar an gcloch eile, de réir ord a mbreithe.
11 Faoi mar a dhéanann seodóir séala a ghreanadh, sin mar a dhéanfaidh tú an dá chloch a ghreanadh le hainmneacha chlann Iosrael, agus iad a leagan i gcumhdach fiolagráin óir.
12 Agus cuirfidh tú an dá chloch ar dhá ghuailleán an éafód mar chlocha cuimhne chlann Iosrael, agus déanfaidh Árón a n‑ainmneacha a iompar ar a ghuaillí mar chuimhne i láthair an Tiarna.
13 Déanfaidh tú cumhdaigh d'fhiolagrán óir,
14 agus dhá shlabhra d'ór fíre, fite mar chorda, agus ceanglóidh tú na slabhraí fite do na cumhdaigh.”
15 “Déanfaidh tú lúireach bhreithiúnais, d'obair shlachtmhar; déanfaidh tú í ar dhéantús an éafód; d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas a dhéanfaidh tú í.