13 Tógfaidh tú a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair agus an chnapóg saille os cionn an ae, agus an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus loiscfidh tú ar an altóir iad.
14 Ach feoil an tairbh, agus a chraiceann, agus a otrach, loiscfidh tú le tine iad taobh amuigh den champa; ofráil pheaca í sin.”
15 “Glacfaidh tú chugat ansin ceann de na reithí, agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe;
16 agus maróidh tú an reithe, baileoidh tú a chuid fola agus croithfidh tú ar an altóir thart timpeall í.
17 Ansin déanfaidh tú an reithe a roinnt ina chodanna, a ionathar agus a chosa a ní agus iad a chur leis an gceann agus na codanna,
18 agus an reithe go léir a loscadh ar an altóir; ofráil loiscthe a bheidh inti don Tiarna; cumhracht thaitneamhach í, íobairt loiscthe don Tiarna.”
19 “Agus glacfaidh tú an reithe eile agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe.