16 agus maróidh tú an reithe, baileoidh tú a chuid fola agus croithfidh tú ar an altóir thart timpeall í.
17 Ansin déanfaidh tú an reithe a roinnt ina chodanna, a ionathar agus a chosa a ní agus iad a chur leis an gceann agus na codanna,
18 agus an reithe go léir a loscadh ar an altóir; ofráil loiscthe a bheidh inti don Tiarna; cumhracht thaitneamhach í, íobairt loiscthe don Tiarna.”
19 “Agus glacfaidh tú an reithe eile agus leagfaidh Árón agus a mhaca a lámha ar cheann an reithe.
20 Agus déanfaidh tú an reithe a mharú agus cuid dá fhuil a thógáil agus í a chur ar mhaothán chluas dheas Árón agus ar mhaothán chluas dheas a mhac, ar ordóg a láimhe deise, ar ordóg a gcoise deise, agus an chuid eile a chroitheadh ar an altóir thart timpeall.
21 Ansin déanfaidh tú cuid den fhuil ar an altóir mar aon le cuid den ola ungtha a thógáil agus í a chroitheadh ar Árón agus ar a éide, ar a mhic agus ar a n‑éide chomh maith; agus beidh sé féin agus a éide naofa, agus a mhic agus éide a mhac chomh maith leis.”
22 “Méith an reithe, an t‑eireaball, a mbíonn de mhéith ag clúdach an ionathair, an chnapóg saille os cionn an ae, an dá dhuán agus a mbíonn de gheir orthu, agus an cheathrú chlé (mar is reithe insealbhaithe atá i gceist),