30 An mac a bheidh ina shagart ina ionad, caithfidh sé iad ar feadh seacht lá nuair a thiocfaidh sé isteach i mBoth na Teagmhála chun fónaimh san áit naofa.”
31 “Déanfaidh tú reithe an insealbhaithe a ghlacadh chugat agus a fheoil a bhruith in áit naofa;
32 agus íosfaidh Árón agus a mhic feoil an reithe agus an t‑arán sa chliabh ag doras Bhoth na Teagmhála.
33 Agus íosfaidh siad na nithe lena ndearnadh leorghníomh ar a son agus iad á n‑oirniú agus á gcoisreacan; ach ní íosfaidh aon tuata aon chuid díobh, mar is naofa dóibh.
34 Má fhágfar aon chuid de fheoil an oirnithe nó den arán go maidin, ansin loiscfidh tú an fuílleach le tine; ní íosfar é mar is naofa dó.
35 Mar sin, de réir gach ar aithin mé duit, a dhéanfaidh tú le hÁrón agus lena mhaca; caithfidh tú seacht lá á n‑insealbhú.”
36 “Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.