34 Má fhágfar aon chuid de fheoil an oirnithe nó den arán go maidin, ansin loiscfidh tú an fuílleach le tine; ní íosfar é mar is naofa dó.
35 Mar sin, de réir gach ar aithin mé duit, a dhéanfaidh tú le hÁrón agus lena mhaca; caithfidh tú seacht lá á n‑insealbhú.”
36 “Gach lá díobh ofrálfaidh tú tarbh mar íobairt pheaca ina leorghníomh; ofrálfaidh tú íobairt pheaca leis ar mhaithe leis an altóir ag déanamh leorghnímh ar a son agus déanfaidh tú í a ungadh lena coisreacan.
37 Déanfaidh tú leorghníomh seacht lá ar son na haltóra; déanfaidh tú í a choisreacan agus beidh barr naofachta ag an altóir; agus aon duine a bhainfidh léi beidh sé naofa.”
38 “Seo a n‑ofrálfaidh tú ar an altóir: dhá uan bhliana gach lá gan teip.
39 Ofrálfaidh tú uan ar maidin agus an t‑uan eile tráthnóna;
40 leis an gcéad uan ofrálfaidh tú deachú tomhais de phlúr mín fuinte le ceathrú hín d'ola mhín, agus ceathrú hín fíona mar ofráil dí.