42 Beidh seo mar ofráil loiscthe gan stad ó ghlúin go glúin ag doras Bhoth na Teagmhála i láthair an Tiarna; ansin is ea a theagmhóidh mé libh le labhairt leat.”
43 “Teagmhóidh mé le clann Iosrael ar an láthair sin agus beidh sí coisricthe ag mo ghlóir.
44 Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt.
45 Lonnóidh mé i measc chlann Iosrael agus is mé a bheidh acu mar Dhia.
46 Beidh a fhios acu dá bhrí sin gur mise, an Tiarna, is Dia acu, an té a thug amach ó thír na hÉigipte iad d'fhonn go lonnóinn ina measc; mise an Tiarna, a nDia.”