43 “Teagmhóidh mé le clann Iosrael ar an láthair sin agus beidh sí coisricthe ag mo ghlóir.
44 Déanfaidh mé Both na Teagmhála agus an altóir a choisreacan: agus Árón chomh maith agus a mhic, déanfaidh mé iad a choisreacan le fónamh dom mar shagairt.
45 Lonnóidh mé i measc chlann Iosrael agus is mé a bheidh acu mar Dhia.
46 Beidh a fhios acu dá bhrí sin gur mise, an Tiarna, is Dia acu, an té a thug amach ó thír na hÉigipte iad d'fhonn go lonnóinn ina measc; mise an Tiarna, a nDia.”