14 Ní foláir daoibh an tsabóid a choimeád, dá réir sin; bíodh sí naofa agaibh. An té a bhriseann í, cuirfear chun báis é; aon duine a dhéanann saothar ar an tsabóid, déanfar é a ionnarbadh óna phobal.
15 Beidh obair á déanamh ar feadh sé lá, ach ní foláir an seachtú lá a choimeád ina lá saoire ar fad, sabóid choisricthe don Tiarna. An té a dhéanann obair ar an tsabóid, ní foláir é a chur chun báis.
16 Coimeádfaidh clann Iosrael an tsabóid, á cleachtadh ó ghlúin go glúin, mar chonradh síoraí.
17 Is comhartha í go brách, idir mé agus clann Iosrael, go ndearna an Tiarna neamh agus talamh i sé lá, ach ar an seachtú lá gur scoir sé agus gur lig a scíth.’ ”
18 Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.