5 i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach saghas saothar ceirde.
6 Agus seo anois mé ag tabhairt páirtí dó - Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán; agus gach duine ina bhfuil éirim, chuir mé breis di ann, i dtreo go ndéanfaidís gach ar ordaigh mé duit:
7 Both na Teagmhála, áirc na Fianaise, cathaoir na trócaire os a cionn, agus troscán uile an taibearnacail,
8 an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise,
9 agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t‑umar gona bhonn,
10 agus na héidí dea-mhaisithe - na héidí naofa d'Árón an sagart agus na héidí dá mhic - i gcomhair a seirbhísí sagairt,
11 agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.”