7 Both na Teagmhála, áirc na Fianaise, cathaoir na trócaire os a cionn, agus troscán uile an taibearnacail,
8 an bord agus a ghréithe, an coinnleoir glan lena ghréithe uile, altóir na túise,
9 agus altóir na hofrála loiscthe lena gréithe go léir, agus an t‑umar gona bhonn,
10 agus na héidí dea-mhaisithe - na héidí naofa d'Árón an sagart agus na héidí dá mhic - i gcomhair a seirbhísí sagairt,
11 agus an criosma agus an túis chumhra don áit naofa. Déanfaidh siad gach ar ordaigh mé duit.”
12 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
13 “Labhair le clann Iosrael agus abair: ‘Coimeádaigí mo shabóidí óir is comhartha idir mise agus sibhse an tsabóid ó ghlúin go glúin i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise, an Tiarna, a naomhaíonn sibh.