14 Bhog an Tiarna dá bhrí sin, agus níor thug sé ar a phobal an drochíde a bhagair sé.
15 D'fhill Maois agus tháinig anuas ón sliabh agus dhá leac na Fianaise ina lámha, leaca ar a raibh scríbhinn ón dá thaobh, scríbhinn ar a n‑aghaidh agus scríbhinn ar a gcúl.
16 Obair Dé na leaca agus scríobh Dé an scríbhinn orthu agus í greanta ar na leaca.
17 Chuala Iósua geoin an phobail agus iad ag gáraíl. “Tá gleo catha sa champa,” ar sé le Maois.
18 D'fhreagair Maois é agus dúirt:“Ní gáir chaithréime an gháir seo,Ná olagón cloíte an gháir seo;Glór cantaireachta is ea a chluinim.”
19 Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.
20 Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d'iallach ar chlann Iosrael é a ól.