2 Bí ullamh faoi mhaidin agus tar aníos go Sliabh Shíonái le breacadh an lae; bí i láthair ansiúd fá mo choinne ar bharr an tsléibhe.
3 Ná tagadh aon duine aníos leat, agus ná bíodh aon duine le feiceáil in aon áit ar an sliabh; níl sé ceadaithe fiú na tréada ná na táinte a bheith ag iníor os comhair an tsléibhe sin.”
4 Ghearr Maois dhá leac chloiche dá bhrí sin ar aon dul leis na chéad chinn, agus go luath ar maidin ghabh sé faoi Shliabh Shíonái suas leis an dá leac chloiche ina lámha faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó.
5 Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis.Glaoigh sé ar ainm an Tiarna.
6 Ghabh an Tiarna thar bráid os a chomhair agus d'fhógair sé: “A Thiarna, a Thiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire, is mall é chun feirge, is lán é de bhuanghrá agus de dhílseacht;
7 leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”
8 Shléacht Maois go talamh gan mhoill ag adhradh