30 Nuair a chonaic Árón agus clann Iosrael go léir Maois agus a leithéid de loinnir ón gcneas ar a aghaidh, bhí eagla orthu dul ina ghaire.
31 Ghair Maois chuige iad agus tháinig Árón agus ceannairí an chomhthionóil ar ais chuige agus labhair Maois leo.
32 Ansin tháinig clann Iosrael go léir ina chóngar agus thug sé dóibh na horduithe go léir a thug an Tiarna dó ina chaint leis ar Shliabh Shíonái.
33 Nuair a bhí deireadh ráite ag Maois leo, chuir sé brat ar a aghaidh.
34 Ach nuair a théadh Maois isteach i láthair an Tiarna chun labhairt leis, bhaineadh sé an brat de go dtí go dtagadh sé amach arís. Agus nuair a thagadh sé amach, d'insíodh sé do chlann Iosrael na horduithe a d'fhaigheadh sé.
35 Agus d'fheicfeadh clann Iosrael an loinnir ó aghaidh Mhaois. Ansin chuireadh Maois an brat ar ais ar a aghaidh go dtí go bhfilleadh sé chun labhartha leis.