1 Chruinnigh Maois comhthionól uile chlann Iosrael agus dúirt leo: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna daoibh a dhéanamh:
2 Déantar saothar ar feadh sé lá; ach ar an seachtú lá, bíodh sabóid naofa, saoire shollúnta agaibh don Tiarna. Aon duine a dhéanann saothar ar bith an lá sin, cuirtear chun báis é.
3 Ná hadhnaigí tine ar bith ar aon tinteáin de bhur gcuid ar an tsabóid.”
4 Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: “Seo,” ar sé, “mar a d'ordaigh an Tiarna.
5 Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha,
6 ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair,