10 Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:
11 an taibearnacal agus a bhoth agus a dhíon, a naisc agus a fhrámaí, a bhataí snadhma, a phollaí agus a cheapa,
12 an áirc lena cuaillí, cathaoir na trocaire, agus an fial a fholaíonn í;
13 an bord lena chuaillí agus a ghréithe agus arán na láithreachta;
14 an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh;
15 altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth;
16 altóir an uileloiscthe lena gráta cré-umha agus lena cuaillí agus lena gréithe go léir, an t‑umar lena a bhonn;