14 an coinnleoir mar an gcéanna don solas, lena mbaineann leis, na lampaí agus an ola le lasadh;
15 altóir na túise lena cuaillí, an criosma agus an túis chumhra agus an scáthlán don doras ar an tslí isteach sa bhoth;
16 altóir an uileloiscthe lena gráta cré-umha agus lena cuaillí agus lena gréithe go léir, an t‑umar lena a bhonn;
17 brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche;
18 pionnaí an taibearnacail agus pionnaí na cúirte agus a dtéada;
19 na héidí dea-fhite don tseirbhís san áit naofa agus an éide naofa d'Árón an sagart, agus éidí a mhac dá seirbhís sagartachta.”
20 Ansin d'imigh comhthionól uile chlann Iosrael ó láthair Mhaois.