17 brait na faiche, a pollaí agus a ceapa, agus an fial don gheata isteach san fhaiche;
18 pionnaí an taibearnacail agus pionnaí na cúirte agus a dtéada;
19 na héidí dea-fhite don tseirbhís san áit naofa agus an éide naofa d'Árón an sagart, agus éidí a mhac dá seirbhís sagartachta.”
20 Ansin d'imigh comhthionól uile chlann Iosrael ó láthair Mhaois.
21 Agus gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, agus de sponc ina chuislinn, rud a thabhairt, thángadar lena síntiús don Tiarna le haghaidh Both na Teagmhála a dhéanamh, do na seirbhísí, agus do na héidí naofa.
22 Thángadar idir fhir agus mhná, a raibh sé de chroí acu, agus thugadar dealga agus fáinní agus bráisléid agus toirc agus seoda óir de gach sórt, a ofráil éigin óir á tíolacadh ag gach duine don Tiarna:
23 gach duine dár tharla aige ábhar gorm nó corcra nó craorag nó línéadach mín, nó fionnadh gabhair, nó seithí coirtithe reithe, nó seithí gabhair, thugadar leo iad.