27 agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach,
28 agus spíosraí agus ola don solas agus don chriosma agus don túis chumhra;
29 na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.
30 Agus dúirt Maois le clann Iosrael: “Féach! roghnaigh an Tiarna ó ainm Bazalael mac Úirí mac Húr de threibh Iúdá.
31 Líon sé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta,
32 i gcomhair deartha ealaíonta agus saothair in ór agus in airgead agus i gcré-umha,
33 i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach sórt saothar ceirde.