31 Líon sé é le spiorad Dé, le cumas agus le héirim, le heolas agus le gach sórt ceardaíochta,
32 i gcomhair deartha ealaíonta agus saothair in ór agus in airgead agus i gcré-umha,
33 i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach sórt saothar ceirde.
34 Agus bhronn sé bua teagaisc airsean agus ar Ohoilíáb mac Aichíosámác de threibh Dhán.
35 Líon sé iad le héirim chun gach sórt saothair a dhéanamh a dhéanfadh ceardaí, nó dearaí, nó bróidnéir in ábhar gorm agus corcra agus craorag agus línéadach mín cas, nó fíodóir nó aon sórt saothraí nó dearaí oilte.”