4 Labhair Maois le comhthionól chlann Iosrael go léir: “Seo,” ar sé, “mar a d'ordaigh an Tiarna.
5 Cuirigí síntiús don Tiarna i leataobh ó bhur maoin. An fear croí mhóir tugadh sé mar ofráil chun an Tiarna: ór, airgead agus cré-umha,
6 ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, fionnadh gabhair,
7 seithí coirtithe reithe, sitím,
8 ola don solas, spíosraí don chriosma agus don túis chumhra,
9 clocha oinisce agus clocha lómhara le luí san éafód agus sa lúireach.
10 Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna: