18 Rinne sé leathchéad nasc cré-umha chun an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.
19 Rinne sé díon don bhoth as craicne coirtithe reithe agus seithí gabhar.
20 Ansin rinne sé frámaí d'adhmad sitím don taibearnacal agus iad ina seasamh díreach.
21 Bhí gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead.
22 Bhí dhá thionúr ar gach fráma lena ngreamú; rinne sé amhlaidh do gach fráma den taibearnacal.
23 Rinne sé frámaí an taibearnacail mar leanas: fiche fráma don taobh theas;
24 rinne sé daichead moirtís airgid le cur faoi na fiche frámaí: faoin gcéad fhráma dhá mhoirtís dá dhá thionúr; agus faoi gach fráma eile dhá mhoirtís faoina dhá dtionúr.