7 ba leor agus ba lánleor a raibh acu d'ábhar chun an saothar go léir a chur i gcrích.
8 Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n‑oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.
9 Bhí ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr.
10 Cheangail sé cúig bhrat dá chéile agus mar an gcéanna leis na cúig cinn eile.
11 Chuir sé lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh, agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.
12 Chuir sé leathchéad lúb ar an gcéad bhrat agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.
13 Rinne sé leathchéad nasc óir agus cheangail na brait le chéile leis na naisc i dtreo go mba aonad dlúth é an taibearnacal.